Baile  >   Gníomhaíochtaí

Gníomhaíochtaí

Members of the CPI take an active part in all democratic organisations—including trade unions, international solidarity and anti-war movements, anti-privatisation campaigns, and opposition to European imperialism—as well as those campaigns that the party conducts independently.
 ◀ Baill de Chraobh Bhaile Átha Cliath ag díol Socialist Voice ag Ardoifig an Phoist
Glacann baill den Pháirtí Cumannach páirt ghníomhach i ngach cineál eagraíocht dhaonlathach—ina measc ceardchumainn, gluaiseachtaí dlúthpháirtíochta idirnáisiúnta agus frithchogaidh, feachtais frithphríobháidithe, agus cur in aghaidh an impiriúlachais Eorpaigh—chomh maith leis na feachtais a eagraíonn an páirtí as a stuaim féin.

Cruinnithe
Eagraítear cruinnithe oscailte agus cruinnithe poiblí ó am go chéile i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, agus in ionaid eile. Is féidir leat cláraigh le chun eolas a fháil ar chruinnithe atá le teacht i mBaile Átha Cliath.
Foilseacháin
Tá clár uaillmhianach foilseachán ag an bpáirtí, a chuimsíonn páipéar seachtainiúil agus páipéar míosúil chomh maith le réimse leathan leabhar agus duilleachán. Tá siopa leabhar á riaradh freisin i mBaile Átha Cliath.

Baile  >   Gníomhaíochtaí