Baile  >  Foilseacháin

Foilseacháin


     Leabhair agus duilleacháin  Is é atá in An Economy for the Common Good (2009) anailís den ghéarchéim eacnamaíoch agus straitéis le haghaidh athrach geilleagair. I measc na bhfoilseachán deireanach eile tá Repudiate the Debt: For a Better Future, agus The European Union: New Developments in Imperialism, le Jorge Cadima.

Saothar James Connolly  Thar na blianta tá príomhscríbhinní James Connolly, ceannródaí Marxach Éireannach, coinnithe i gcló ag an bpáirtí, ina measc an saothar clasaiceach Labour in Irish History (1910) agus níos déanaí Collected Works (1987) in dhá imleabhar.

Tá na leabhair seo agus foilseacháin eile le fáil ó Connolly Books, 43 Sráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath D02 XH96.

Tréimhseacháin  Is iad Socialist Voice (Baile Átha Cliath, míosúil) agus Unity (Béal Feirste, seachtainiúil) na hirisí a fhoilsíonn an páirtí.
     Ceannaigh Socialist Voice ar síntiús trí €15 (£10) a chur chuig “Socialist Voice,” 43 Sráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath D02 XH96, i gcomhair bliain amháin (10–12 eagrán). (Cuimsíonn an ráta seo postas laistigh d’Éirinn; rátaí i gcomhair tíortha eile le fáil ach iad a iarraidh.) Nó faigh síntiús saor in aisce do Socialist Voice trí iarratas ríomhphoist a chur chugainn.
 Ceannaigh Unity ar síntiús trí £17.50 (€19) i gcomhair 6 mhí nó £35 (€38) i gcomhair 12 mhí a chur chuig “Unity,” Bosca poist 85, Béal Feirste BT1 1SR, i gcomhair bliain amháin. (Cuimsíonn an ráta seo postas laistigh d’Éirinn; rátaí i gcomhair tíortha eile le fáil ach iad a iarraidh.)
 Is féidir ailt dheireanacha a léamh ach na híomhánna ar clé a chniogadh.

Leabharliosta  Liosta d’fhoilseacháin Pháirtí Cumannach na hÉireann ó bunaíodh é sa bhliain 1933.


Baile  >  Foilseacháin